Barúil ón Bhocsa - Carthanais

Bheadh cuimhne ag an mhórchuid againn ar na boscaí Trócaire a bhí in achan teach ar fud na tíre le linn am an Charghais.

Bheadh íomhá de pháiste ar an bhosca, a shúile móra ag amharc ort agus an creatúr bocht chomh tanaí agus é ag fáil bháis leis an ocras.

Chomh luath agus a bhí an Carghas thart áfach, bhí deireadh leis an bhocsa agus níor smaoinigh mé arís ar an ghasúr go dtí an bhliain dar gcionn arís.

Bhailigh mé airgead ar a shon agus bhí éacht déanta agam, nó sin mar a shíl mé agus mé óg.

Anois agus mé i mo dhuine fásta, tuigim gur géarchéim é an bochtanas agus tá teaghlaigh ag streachailt ar fud na cruinne achan lá d’achan mhí.

Sin ráite cé hiad na carthanachtaí ar chóir diriú orthu?

Ar chóir dúinn diriú ar na fadhbanna bochtanais inár dtír féin ar dtús?

An bhfuil muinín ag an phobal i gcarthanais níos mó, go háirithe leis an tuarastal atá ag cuid de na príomhfheidhmeannaigh mhóra?

Seo tuairimí beirte air…

carthanachtaí
Close
Close