Ardscoil Naomh Pól ag rothaíocht ar son Ailse

Ardscoil Naomh Pól ag rothaíocht ar son Ailse

In Éirinn déantar suas le 30,000 cás nua d’ailse a dhiagnóisiú gach bliain. Táthar ag meas go n-ardóidh seo go dtí os cionn 40,000 in aghaidh na bliana faoi 2020.

Bhí feachtas ar siúl ag Ardscoil Naomh Pól, Co. Ard Mhacha, ar na mallaibh le hairgead a bhailliú agus airde a dhíriú ar ailse.

Ba é Bill Geoghegan an fear a d’eagraigh an t-imeacht rothaíochta 24 uair chun airgead a chruinniú ar son carthanachtaí ailse. Fuair athair Bill bás anuraidh agus bhí sé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar a shon.

Bhí Ardscoil Naomh Pól breá sásta cuidiú a thabhairt dó agus ghlac gach duine sa scoil páirt sa rothaíocht.

Dúirt Príomhoide na scoile, Jarlath Burns, go raibh gach duine sa scoil sásta bheith páirteach agus go raibh sé cosúil le dioscó nuair a chuaigh sé isteach sa scoil i lár na hoíche.

Bhí 30 rothar ar siúl i rith an ama agus thiocfadh 30 eile a bheith ann leis an méid daoine a bhí ag fanacht le dul orthu.

Thóg siad níos mó na €6,000 ar an lá agus tá an t-airgead go fóill ag teacht isteach.

Mar a dúirt Jarlath, “Tá ailse ar cheann de na galair a leagann a lámh ar gach clann in Éirinn”, agus is fíor an ráiteas é.

Seo mar a chuaigh an lá…

Rothaíocht ar son Ailse
Close
Close