Ar chóir fáil réidh leis an Seanad?

Tá reifeann ar siúl inniu chun fáil amach ar chóir deireadh a chur leis an Seanad nó ar chóir é a choinneáil. Beidh daoine ábalta vóta a chaitheamh ó 7rn go dtí 10in.

Tá go leor páirtithe polaitíochta i mbun feachtais le roinnt seachtainí anuas chun a gcuid argóintí a chur ina luí ar an phobal. Do dhaoine áirithe, tá an Seanad seanfhaiseanta agus as dáta ach do roinnt eile, déanann an Seanad seiceálacha ríthábhachtacha ar an Rialtas agus an Dáil.

Ach cad é atá i gceist leis an Seanad? Ar chóir fáil réidh leis?

Sa Dáil, tá Fine Gael, Labour agus Sinn Féin ag iarraidh ar dhaoine vóta ‘sea’ a chaitheamh, cé go mbeidh roinnt de na seanadóirí ag vótáil ‘níl’. Fágann sé seo Fianna Fáil agus iad ag iarraidh ar dhaoine vótáil ar son an tSeanaid.

I ndeireadh na dála is suas duit féin atá sé agus is fiú machnamh a dhéanamh air sula gcaitheann tú vóta.

Fuair Meon Eile tuairimí na ndaoine i Raidió na Life i mBaile Átha Cliath ar an ábhar seo agus seo céard a bhí le rá acu:

Close
Close