Ar cheart scrúduithe aistrithe a bheith ann?

Tá scrúduithe aistrithe neamhrialaithe in úsáid ag scoileanna gramadaí ón uair ar chuir an Roinn Oideachais deireadh leis an scrúdú 11+ sa bhliain 2008. Cuirtear dhá rogha roimh dhaltaí – scrúduithe a úsáidtear go hiondúil i scoileanna stáit nó scrúduithe Gl a úsáidtear don chuid is mó sna scoileanna Caitliceacaha.

Níl na scrúduithe seo faomhaithe ag an Roinn Oideachais agus tá iarrtha ag an Roinn ar bhunscoileanna gan daltaí a ullmhú dá leithéid. Os cionn 7,000 dalta a thugann faoi na scrúduithe seo achan bhliain agus iad ar lorg áit i scoileanna roghnaithe.

Ar cheart go mbeadh dúshlán dá leithéid curtha os comhair éirim an pháiste agus iad ag críochnú na bunscoile? An bhfuil sé cothrom cor a chur i gcinniúnt an aois óig ar aois 11 bliain? Labhair muid le príomhoide Gaelscoile agus múinteoir faoi oiliúint faoina dtuairimí i leith an chórais reatha…

Barúil ón Bhosca
Close
Close