Ar cheart go mbeadh cannabas dleathach?

Bhí Uragua ar an chéad tír ar domhan chun cannabas a dhéanamh iomlán dleathach anuraidh. Dar leis an bhille seo go bhfuil cead ag muintir Uragua cannabas a chaitheamh, a dhíol agus a fhás más mian leo.

Tá stáit Colorado agus Washington tar éis glacadh leis an dlí céanna agus iad an t-aon dá stát i SAM ina bhfuil cead agat cannabas a cheannach agus a chaitheamh.

Tá go leor argóintí in éadán úsáid an channabais, agus cé nach druga stádas A atá ann, deir daoine go mbíonn impleachtaí ag an druga ar an inchinn. Chomh maith leis seo bíonn eagla ar dhaoine má thosaíonn daoine ar a leithéid de channabas go mbeidh seans níos mo ann go mbógfaidh siad ar aghaidh go drugaí níos láidire, níos contúirtí.

Ar an taobh eile den argóint seo, tá an druga seo á úsáid ag daoine a bhfuil tinneas orthu lena bpian a choinnéail faoi smacht agus faoiseamh a fháil. Ach más rud é gur tháinig na gardaí nó na póilíní ar dhaoine ag caitheamh an druga nó á fhás, ghearrfaí fineáil orthu agus i gcásanna áirithe cuirfí sa phríosún iad.

Chuaigh Meon eile amach ar na mallaibh ag labhairt le daoine ó dheas agus ó thuaidh faoina gcuid tuairimí ar an chás. Ar cheart go mbeadh cannabas dleathach?

Close
Close