Ar an liathróid i dtreo todhchaí spórtúla níos fearr

Ian Malcolm

Ní thiocfaidh sé aniar aduaidh ar dhuine ar bith a bhfuil aithne acu orm go bhfuil mé níos tugtha do na Bears ná na Bhoys.

Ag caint ar Rangers Ghlaschú atá mé, chan Crossmaglen Rangers! Ach níl mé ar aon dul lena lán anseo a bhfuil gráin iomlán acu ar an fhoireann eile, ag úsáid cúrsaí sacair thall mar chineál scátháin ar nósmhaireachtaí abhus.

Faighim preab beag dearfach má bhaineann na Gers agus ardú beag croí má chloítear na Bhoys ach sin é. Ní bhíonn fonn orm dul ar an randam nó turas caithréime a dhéanamh. Fágaim ansin é.

Ach, agus sacar áitiúil tosaithe arís tar éis sos an tsamhraidh, ní dhéanfadh sé dochar ar bith amharc go gasta ar an chaoi a bhfuil rudaí anseo na laethanta seo. An bhfuil fuinneamh ar bith sa tSraith Éireannach, nó an Irish League mar a thugtar air i mBéarla?

Is fada taobh thiar dom na blianta nuair a chuaigh mé go díograiseach chuig achan chluiche de m’fhoireann féin (Glenavon, mar a tharlaíonn sé) seachtain tar éis seachtaine ach tá suim agam i gcónaí sa spórt agus a bhfuil ag tarlú dó.

Ar an chéad amharc, cheapfá go bhfuil sacar i dTuaisceart Éireann in ísle brí, na tinrimh ag titim agus easpa ratha ar an fhoireann náisiúnta (úsáidim an focal sin agus fios agam go mbainfidh sibh bhur gciall féin as) ó Chorn na Cruinne 1982 agus 1986.

Bíonn an corr-bhua acu ar na foirne mór le rá go fóill – cuirim i gcás Sasana agus an Spáinn – ach is deacair a rá go neamhbhalbh go bhfuil sacar Thuaisceart Éireann i mbarr a mhaitheasa.

Tá cúiseanna leis. Mar uimhir a haon, tá an oiread iomaíochta ag an tSraith Éireannach le fada agus is beag duine nach ngeallann a ‘ndílseacht’ d’fhoireann mhór Shasanach, gan dearmad orthu siúd a luíonn leis na Gers is na Ceiltigh.

Mar uimhir a dó, is fada ann an tuairim go raibh sacar sa Tuaisceart ‘seicteach’, rud a chuir drogall ar Chaitlicigh tacú le foireann faoi leith agus an baol ann go mbeadh béiceadáin ghránna mar chuid den lucht leanúna.

Is fíor go raibh an lorg sin air in amanna: ní raibh Caitlicigh sásta dul go staidiam éigin agus seans láidir go gcluinfidís ‘Na Billy Boys’ nó amhráin eile nach gcruthódh atmaisféar fóirsteanach don teaghlach.

Tá sin intuigthe ach tá sár-iarrachtaí déanta ag an IFA (bord sacair TÉ) an ruaig a chur ar rian an tseicteachais. Tá ag éirí leis an tionscnamh frith-sheicteach agus ní bréag a rá go bhfuil dearcaí an fhuatha á gcur den pháirc de réir a cheile. Agus an cárta dearg tuillte.

Tá an méid sin le moladh, mar aon le tionscadail eile a bheas le leas an chluiche ag leibhéal níos ginearálta. Tá an IFA ag cothú shacar na mban, rud a dhéanfaidh neartú ar ‘an chluiche álainn’ sa teaghlach ar fad.

Ach, amhail a lán rudaí i dTuaisceart Éireann, bíonn lorg na polaitíochta ann, mar atá le feiceáil i ndíospóireacht na náisiúntachta a phléascann corruair. Nuair a roghnaigh an t-imreoir ó Dhoire James McClean imirt d’fhoireann na hÉireann seachas an Tuaisceart, bhí raic intuartha ann.

Ní chíorfaidh mé an rud go mion, ach is leor a rá go raibh fearg ar thacadóirí Thuaisceart Éireann óir bhí McClean tar éis teacht fríd chóras traenála an IFA, a chothaigh a scileanna agus a thallainn ó bhí sé an-óg.

Cuireadh ‘fealltóireacht’ ina leith. Níl a fhios agam faoi sin, ach ba chóir don IFA níos mó a dhéanamh chun mealltacht fhoireann an Tuaiscirt a neartú.

Le bheith ionraic, bheadh a fhios ag imreoir óg ar bith gur mó seans acu imirt ag an leibhéal is airde go hidirnáisiúnta leis an Phoblacht ná leis an Tuaisceart.

Agus níos mó daoine óga ag déanamh cur síos ar a náisiúntacht mar ‘Tuaisceart Éireannach’ na laethanta seo – seachas ‘Briotanach’ nó ‘Éireannach’ – is féidir go laghdófar argóint na ‘náisiúntachta’.

Mar sin féin, beidh foireann fhiúntach fós de dhíth…

Fosta, tá an IFA páirteach i dtionscnamh a thuganns le chéile daoine óga ón dá thaobh trí spórt. Ag obair i gcomhpháirt leis an GAA agus an IRFU (bord an rugbaí), táthar ag tabhairt deise do pháistí na spóirt eile a bhlaiseadh.

Ar an bhealach seo, tá Caitlicigh, nach n-imrítear rugbaí ina scoileanna, ag dul don spórt sin agus tá Protastúnaigh in ann peil nó iomáint a thriail. Agus, ar ndóigh, bíonn siad uilig ag imirt sacair le chéile.

Cá bhfios cén tionchar a bheas ag an tionscnamh inmholta seo ar ár sochaí sna blianta romhainn.

Tá rudaí ag athrú. Tá spórt ag athrú. Agus cuireann sé gliondar orm, mar dhuine atá tugtha do shacar áitiúil i dTuaisceart Éireann, go bhfuil ról dearfach ag an IFA sa phróiseas fhadradharcach seo.

Ach beidh mé claonta i gcónaí – i dtreo na Gers, ar ndóigh.

Close
Close