'An Timire' ag ceiliúradh breis agus 100 bliain

'An Timire' ag ceiliúradh breis agus 100 bliain

Tháinig scaifte breá le chéile i dTeach Belvedere i mBaile Átha Cliath, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar ‘An Timire’ agus ‘Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS)’.

Bhi ceol den scoth le cluinstin ó Ray Mac Mánais, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2015, Gearóid Ó Mordha agus Deirdre Seaver.

Bhí neart cainte faoi stair litríochta na Gaeilge agus faoin ról a bhí ag na hÍosánaigh ann. I measc gna cainteoirí bhí Helen Ó Murchú, Alan Titley agus eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Pól Ó Muirí.

Seoladh leabhar filíochta de chuid Phóil Uí Mhuiri ar an oíche, dar teideal ‘Srapnal’.

Seoladh dhá leabhar eile, ceann amháin dar teideal ‘An Chuallacht Léannta’ – cnuasach aistí ar obair Íosánach i ngort litríochta na Gaeilge – agus an darna ceann dar teideal ‘Conair na Fraince go Santiago’ – cur síos ar oilithreacht le Frainc Mac Brádaigh.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill leis an Athair Frainc Mac Brádaigh go príomha faoin stair a bhaineann leis an iris, ‘An Timire’ agus faoin obair atá déanta aige ó thug sé stiúir ar an iris i 2011.

Dúirt sé go bhfuil "900 síntiúsóir ag An Timire agus go bhfuil súil acu 1,000 síntiúsóir a fháil roimh dheireadh na bliana”.

Bunaiodh ‘An Timire’ sa bhliain 1911 agus is í an iris Ghaeilge is sine sa tír, agus is sine í ná mórchuid d’irisí reatha Béarla na hÉireann. Pléann an iris cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus sóisialta.

Ach cé go bhfuil cúrsaí ag dul go maith don iris, dúirt an tAthair Frainc go bhfuair siad scéal trí seachtaine ó shin nach mbeadh deontas airgid ar bith eile á fháil acu, de bharr nach dtiteann siad isteach leis an chóras úr maoinithe atá ag Foras na Gaeilge.

Cé gur cailleadh suntasach atá ann do ghnó na hirise, tá an tAthair Frainc breá deafach faoi thodhchaí ‘An Timire’.

Seo a bhí á rá aige..

An Timire

Chun níos mo eolais a fháil faoin iris ‘An Timire’ nó ‘Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS)’ féach ar an nasc thíos.

Close
Close