An lá a fuaras 1,000 matches ar tinder ar son na Gaeilge agus an fáth a bhfuilimid ar fad chun bás a fháil go huaigneach inár n-aonair gan mhoill.

Eoin P. Ó Murchú

Táim i gcaidreamh faoi láthair. Caidreamh aisteach. Caidreamh míshláintiúil a déarfadh roinnt, uaireanta mothaím go maith ann, uaireanta eile táim míchompordach ann. Meiriceánach atá inti agus tá sí óg. Agus tarlaíonn go bhfillim uirthi ar deireadh thiar thall. Cén caidreamh é? Caidreamh le tinder ar ndóigh!

Tá gach éinne ag dul dó na laethanta seo deirtear. Téann mo chaidreamh féin leis siar roinnt ama. Bhíos suite díomhaoin i dteach carad agus bhíos ag cnáimhseáil leis mar gheall ar a dheacair a bhí sé casadh le cailíní deasa i mbeáir dhorcha ólta Bhleá Cliath. Luaigh sé tinder liom, nach raibh aon trácht cloiste agam mar gheall air roimhe sin. Céard é? arsa mé.

Aip atá ann ar sé, aip grá. Tagann pictiúir in airde de dhaoine agus má svaidhpeálann tú ar dheis agus má svaidhpeálann siad siúd ar dheis, le rá go bhfuil spéis agaibh i bpictiúir a chéile beidh sibh in ann teachtaireachtaí a scríobh chuig a chéile!

Ach cad a tharlaíonn má svaidhpeálaim ar dheis ach go svaidhpeálann an duine eile ar chlé? Ní chloisfidh tú rud ar bith faoi agus ní bheidh a fhios acu. Agus é chomh lom leis sin? Sin é baileach- ráiteas beag fút agus cúpla pic díot.

Is dócha go bhfuil go leor cainte cloiste ag go leor agaibh mar gheall ar tinder faoin tráth seo, ainneoin sin seans nach gcreidtear go mbaintear úsáid as i bhfírinne. Deirtear go bhfuil suas le 50 milliún úsáideoir ag an suíomh. Labhair mé le roinnt de léitheoirí meoneile.ie le cúpla lá anuas, idir mhná agus fhir a bhaineann úsáid as an aip le léargas a thabhairt daoibh air.

Bhí roinnt an-tógtha leis go deo “Áis iontach atá ann, baineann sé dhá cheist ón oíche amuigh, an bhfuil an duine singil, agus ní gá ach teacht ar réiteach pearsantachta agus spéiseanna ansin.” arsa Seán.

Ach ní raibh Sarah chomh cinnte sin faoi “Tá sé ciotach(má svaidhpeálann duine ar dheis duit) ní bheadh fhios agat an ndearna siad é chun a bheith cairdiúil, nó an bhfuil siad ag iarraidh léimt in airde ort.”

Duine eile fós bhíodar níos diúltaí arís faoi ‘ní úsáidim a thuilleadh é, tá sé leadránach, braithim teacstáil leadránach, níor bhuail mé le héinne uaidh riamh, bhí cúpla comhrá agam air ach ní raibh fonn orm bualadh le héinne uaidh riamh.’

Labhair Caoimhe liom faoi chaidreamh a thagann as tinder “Maidir le caidreamh – ní déarfainn go raibh caidreamh agam uaidh, ach tá duine amháin a bhfuilim leath i dteagmháil leis fós.”

Do roinnt ní caidreamh a bhí uathu ar chor ar bith ach leathar “Bhuail mé le 3 nó 4 as, luí mé duine nó beirt. Is dócha nach bhfuil daoine chomh buartha sin faoi bheith singil a thuilleadh agus an aip ann.”

Ba léir freisin go bhfuil eispéireas éagsúil ann i measc na nÉireannach “Bhí mé le cailín Meiriceánach uaidh agus leathar a bhí uaithi go díreach agus gach saghas leathair, agus bhí ionadh uirthi nach raibh daoine mar sin in Éirinn. Ach bhí taithí aici ar tinder i Meiriceá.”

Tá go leor tuairiscí sna nuachtáin tar éis a fhógairt go bhfuil ceangal idir méadú ar ghalair ghnéis agus ar aipeanna den sórt seo. Ní haon ionadh seo i bhfianaise a dúradh liom.

Comhrá Tinder #2
Comhrá Tinder #2

Ach an bhfuil an rómánsaíocht ar an idirlíon inghlactha ar na saolta seo pé scéal?

Ba léir go bhfuil aipeanna dá leithéid tar éis greim a fháil ar shamhlaíocht daoine. Luaigh Sarah liom go bhfuil ‘táim ag dul ar tinder date’ iomlán inghlactha mar ráiteas anois. “Sin an coinne caoch nua is dócha!”

Luaigh Daithí an chaoi a mbíonn daoine ag glacadh leis go minic gur chas daoine lena chéile ar tinder. “Tá sé spéisiúil an méid daoine a chuireann ceist orm ar bhuail mé le mo chailín ar tinder.”

Luaigh Seán go gceapann siad go bhfuil sé “chun bualadh le mo chailín ar tinder. In ionad dul suas chuig an mbeár agus an chraic sin ar fad.”

Tá scéalta greannmhara ann chomh maith. “Mé fhéin agus fear a bhí ag cónaí liom, mheaitseálamar an cailín céanna, agus bhíomar beirt ar bís le taispeáint dá chéile go raibh cailín breá aimsithe againn, go dtí go bhfuaireamar amach gurb í an duine céanna í”

Luadh liom chomh maith na huaireanta sin nuair ‘nach bhfeiceann daoine mar atá siad sna pictiúir…" ach mar sin féin coinníodh an misneach… "Táimse le bualadh le cailín eile ar an Satharn, so d’fhéadfá rá go n-oibríonn sé."

“Téim trí phases” a dúradh liom, “tá sé mar a bheadh cluiche ann agus am le meilt agam rachainn air.”

Tá daoine eile atá éirithe as ar fad "Bhí mé air ar feadh bliana, is cluiche é, agus tá sé suimiúil ach ní dhéanaim a thuilleadh é. Bhuail mé le beirt leaids, ceann amháin go hainnis, ceann go maith. Níl ach seacht lá sa tseachtain, nílim chun cuid mhór de sin a chaitheamh le duine nach bhfuil mé cinnte go réiteoidh mé leo.

Bíonn daoine an-sásta nuair a fhaigheann siad match, "Mothaíonn sé cineál ‘dána’ ach tá na grianghraif sin ar fáil ar facebook ar aon nós so is cineál seafóide atá ann!’

“Tá sé an-mhaith i gcóir daoine aeracha” a dúirt Cathal liom, “Ní bheadh fhios agam roimh ré, ach ansin dhéanfá meaitseáil le duine a raibh aithne agam orthu cheana ach nach raibh a fhios agam go raibh siad aerach.”

Agus caint ann ar aip dá mhacasamhail a dhéanamh do lucht na Gaeilge, bhí ceist amháin a rith liom. Cén úsáid a bheadh ag Gaeilgeoirí don suíomh?

Comhrá Tinder #1
Comhrá Tinder #1

“D’úsáid mé Gaeilge air go leor uaireanta. Maith go leor is dócha. Daoine go raibh aithne agam orthu.” a dúirt Seán, agus dar le Caoimhe “Thosaigh mé cúpla comhrá i nGaeilge, tosaíonn daoine ag labhairt liom i nGaeilge, má tá comhchairde agat i gcoitinne a bhfuil Gaeilge acu.”

Ó agus an 1,000 match úd? Bhuel tugadh mo dhúshlán an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach nuálach. Svaidhpeáil mé ar dheis ar an aip ar feadh leathlae go dtí gur aimsigh mé míle duine a bhí ag iarraidh comhrá a dhéanamh liom. Chuireas an teachtaireacht chéanna chuig mo ghrá-anna geala nua ar fad a rá ’An raibh fhios agat gur Seachtain na Gaeilge atá ann agus ar mhaith leat í a cheiliúradh liom?

Fuaireas thart ar 300 freagra arbh fhiú go mór staidéar sochtheangeolaíochta a dhéanamh orthu. An mhórchuid acu i nGaeilge, Gaeilge shaibhir bhlasta anseo, Google-Gaeilge ansiúd. Roinnt i Spáinnis, ceann i bhFraincis, ceann gangaideach faoin nGaeilge ó chailín a ghabh a leithscéal dhá lá níos déanaí a rá go raibh sí tar éis troid a bheith aici lena buachaill agus gur thóg sí amach orm é. Ach níor aimsíos an grá ann ar an bhfaraor géar áfach.

Agus mé ag labhairt leis na daoine thuas a bhaineann úsáid as tinder bhraith mé go bhfuil dinimic nua ann ó thaobh cúrsaí grá anois in Éirinn.

Más olc maith le daoine é cuid mhór de shaol na gcoinní anois is ea tinder agus ní beag an líon caidreamh fadtéarmach a thiocfaidh as. Ach ag deireadh an lae ainneoin gach aon rud, ainneoin an náire agus ainneoin go mothaíonn sé aisteach go fóill, is dócha go mbraithfidh sciar áirithe de dhaoine air le grá aimsiú sa saol iarbhír.

Agus cé a thógfadh orthu é? Nach é atá uainn uile ar deireadh thiar? Gach rath ar an svaidhpeáil!

Athraíodh roinnt mionsonraí le céannacht daoine a chur ó aithint.

Close
Close