An gcreideann tú i bpisreoga?

Chuirfeadh sé iontas ort cé chomh forleathan go bhfuil creideamh i bpisreoga, go háirithe nuair a tchíonn tú an eagla atá ar dhaoine roimhe Dé hAoine an 13ú lá agus an creideamh atá acu i mbriochtaí áidh chomh maith.

Is é an cur síos a dhéantar ar phisreoga ná an “creideamh i gcúisíocht as-nádúr, go háirithe imeacht amháin a tharlaíonn mar gheall ar chúis eile gan aon phróiseas nádúrtha chun nasc a chruthú eadarthu.

An tú an cineál duine a bhíonn ag seachaint siúl faoi dhréimirí? An mbeannaíonn tú do gach snag breac ina aonar a fheiceann tú?

Má dhéanann tú na rudaí seo, níl tú leat féin, mar go bhfuil 5.8 milliún duine (idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe amháin) a admhaíonn gur daoine pisreogach iad.

Cé nach dtarlaíonn Dé hAoine an 13ú lá ach cúpla uair in aghaidh na bliana, deir beagnach trí cheathrú den phobal go raibh nó go mbíonn droch-ádh acu ar an dáta seo.

Mar sin, tá an fhadhb éirithe chomh mór sin anois go bhfuil ainm speisialta curtha leis. Is é sin: Friggatriskaidekaphobia – eagla roimh Dé hAoine an 13ú.

Chuaigh Meon Eile ar chuairt go Coláiste Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste agus go Gaoth Dobhair i gcontae Dhún na nGall, chun an cheist a chur: An gcreideann tú i bpisreoga?

Close
Close