An gcreideann tú i bhfíor-ghrá?

Anois agus Lá Fhéile Vailintín linn amárach, d’fhiosraigh muid creidiúint na ndaoine i bhfíor-ghrá sa lá atá inniu ann….

Tá iarracht déanta ag filí agus údair leis na céadta bliain an grá a shainmhíniú, ach níl na heolaithe ach tosaithe ar an dúshlán céanna.

Creideann go leor dínn go hiomasach go bhfuil grá de dhíth le maireachtáil sa saol seo. Creideann daoine eile gur nasc bunúsach é ar beagnach gach rud a dhéanann muid agus gan é nach mbeadh muid ábalta maireachtáil mar chine.

D’fhiafraigh Meon Eile ar dhaoine i Raidió na Life agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair faoina dtuairimí a fháil ar an cheist…

Close
Close