An dtugtar cluas éisteachta do ghuth an léirsitheora?

Ó thús na bliana seo, tá na mílte Gael ó thuaidh agus ó dheas tar éis na sráideanna a shiúl ar lorg comhionannais agus cearta.

Suas le 80,000 a bhí ar shráideanna Bhaile Átha Claith Dé Céadaoin lena míshástacht faoi na táillí uisce a léiriú. Deireadh le táillí uisce ab ea cuspóir na hagóide ach ní cosúil go bhfuil an comhrialtas reatha ag dul a ghéilleadh.

An lá céanna, sheas Gaeil an Tuaiscirt ar chéimeanna Fheidhmeannas Stormont ar lorg Acht Teanga don dlínse.

Níorbh í seo an chéad uair ag pobal na Gaeilge a mhíshástacht á léiriú i mbliana agus breis agus 15,000 Gaeilgeoir páirteach i laethanta Dearg ó thuaidh agus ó dheas.

Ó thús Eanáir, d’éirigh le brú an phobail a chinntiú nach ndéanfar Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh; d’éirigh leis an fheachtas ‘Bus Anois’ iompar scoile cuí a bhaint amach do dhaltaí Choláiste Feirste agus tá an feachtas ar son meánscoile i nDún Geimhin, Doire, ag teacht faoi bhláth.

Cén tionchar a bhíonn ag na hagóidí seo áfach ar lucht na bunaíochta? An dtugtar cluas éisteachta do ghuth an léirsitheora? Labhair muid leofa siúd a ghlac páirt sna hagóidí le bliain anuas…

An fiú léirsithe pobail?
Close
Close