An dtugann tú airgead do charthanachtaí?

Seo linn arís séasúr na Nollag agus an gnáthfhuadar ar fad a thagann leis. Ní fada uainn go mbeidh an fear mór fial féin ina chasóg dhearg agus bhán ag teacht lena mhála mór ag cur thar maoil le féiríní do chách.

Cuireann spiorad na Nollag dea-spionn orainn uilig go léir agus bíonn sé de nós ag roinnt daoine an sparán a oscailt agus a bheith píosa beag níos flaithiúla ná mar a bhíonn siad de ghnáth.

Ach d’impigh an Coimisiún Carthanachta i dTuaisceart na hÉireann ar dhaoine a bheith i bhfad Éireann níos airdeallaí i mbliana de dheasca calaois charthanachta. Deir an eagraíocht gur cheart roinnt seiceála a dhéanamh sula ndéantar aon airgead a dheonú. Sa ré teicneolaíochta ina bhfuil muid ag maireachtáil anois tá an chibirsceamáil ag éirí níos coitianta agus caithfear a bheith níos cúramaí dá bharr.

Cad é faoi na fíorcharthanachtaí ag an am seo den bhliain áfach? An mbíonn siad ag fulaingt as siocair go bhfuil easpa airgid le caitheamh agus easpa muiníne ag daoine a n-airgead a dheonú?

An dtugann tusa airgead do charthanachtaí?

Bosca - An dtugann tú airgead do charthanachtaí?
Close
Close