An Craiceann agus a Luach ag Imreoirí CLG?

Pól Mac Fheilimidh

Ag an am seo de bhliain, tá dhá ghnás ag lucht leanúna na gcluichí Gaelacha.

Tosaíonn na scrúduithe iarbháis ag 31 de na contaetha nár bhain Craobh na hÉireann – go háirithe ag an chomhtholán bheag a shíleann go bhfuil seans acu gach bliain Sam a bhreith leo – ar na fáthanna ar theip orthu i mbliana.

An fócas eile a bhíonn acu na craobhacha clubanna taobh istigh dá gcontae féin. Ag go leor againn, is é seo an ghné is tábhachtaí de na cluichí – 95% de phirimid Chumann Lúthchleas Gael agus sin mar ba chóir do chúrsaí a bheith.

Ach tá dhá cheist eile anois ar cnámha spairne iad le tamall anuas agus is samplaí iad, dar liom, den áit a dtagann an choimhlint idir éiteas amaitéarach CLG agus an cur chuige gairmiúil atá ag foirne contae faoi láthair.

Is é an chéad údar aighnis ceist na laethanta saoire.

Nuair a éiríonn go maith le contae, is é an nós go n-imíonn siad ar saoire i gcuideachta a chéile, áit éigin i bhfad i gcéin agus féadtar a bheith cinnte go gcosnaíonn sé pingin mheasartha íoc as a leithéid.

Ach is amaitéaraigh, deonaigh agus saorálaithe gach duine a mbíonn baint acu le foirne contae, idir bhainisteoirí, imreoirí, lucht leighis agus eile.

Is iondúil, mar sin de, nach féidir le gach duine taisteal ag an am céanna.

In aois seo an chúlaithe eacnamaíochta agus na mbeart déine, bíonn greim an fhir agus na mná báite ag daoine ar a gcuid post agus ní gach duine a dtig leis nó léi imeacht go Beirmiúda nó chun na Síne ar feadh coicíse.

I measc na ndaoine sin ar na mallaibh bhí Jim McGuinness agus cúpla duine eile de chuid champa Pheileadóirí Thír Chonaill.

Scríobh Jim alt faoi seo ar an Irish Times – dála an scéil, is fiú i gcónaí a chuid alt ar na cluichí a léamh – inar mhaígh sé gur chóir do na daoine nach raibh ábalta dul ar an turas cúiteamh a fháil i bhfoirm dearbhán saoire den luach céanna.

Is cinnte nach mbeadh daoine in éadan Jim féin a leithéid a fháil ach nuair a thosaigh sé a chaint ar dhaoine eile amhail dochtúirí a bhí ag cuidiú leis an fhoireann, dar liom, agus déarfainn go leor daoine eile, go raibh sé sin ag dul thar fóir.

Scríobh sé go han-loighciúil agus go cruinn faoi na híobairtí a rinne na himreoirí ina saol pearsanta, oibre agus sóisialta agus rinne cás doshéanta dóibh.

Is iad na himreoirí a dhéanann an traenáil, a imríonn na cluichí agus a mheallann na sluaite síoraí chuig na cluichí.

Is geall le himreoirí gairmiúla anois iad.

Agus seo é an chuid is íorónta den mhéid atá ag titim amach i Maigh Eo agus i nGaillimh faoi láthair.

Is de thoradh iad a bheith ina n-amaitéaraigh atá siad in ann an iaróg a thógáil agus cur in éadan lucht bainistíochta fhoireann an chontae.

Níl a oiread agus duine d’iománaithe na Gaillimhe ná de pheileadóirí Mhaigh Eo a bhfuil conradh sínithe acu.

Fágann sé sin go dtig leo a rogha rud a dhéanamh.

Níl bliain dá dtéann thart nach gcluinimid scéalta faoina leithéid seo nó a leithéid siúd d’imreoir arbh fhearr leis dul go Bostún ná Nua-Eabhrac srl. ná imirt sna babhtaí cáilithe.

Ar ndóigh, dá mb’imreoirí gairmiúla iad ní tharlódh ceachtar den dá rud thuas.

An dtig leat imreoir rugbaí gairmiúil as Cúige Uladh, mar shampla, a shamhlú ag imeacht leis leath bealaigh tríd an séasúr le himirt san Astráil cionn is nach raibh ag éirí go rómhaith lena fhoireann?

Nó an mbeadh iomlán scuad foirne ag diúltú imirt faoin bhainisteoir s’acu?

Dá dtarlódh a leithéid is cinnte go gcoinneofaí faoi chuing dhocht rúin é.

Mar sin de, ar na dúshláin a bheas ag CLG sna blianta atá romhainn teacht ar réiteach idir an cur chuige gairmiúil atá ag na himreoirí – agus a gcuid cóitseálaithe – agus an stádas amaitéarach atá acu i ngach gné eile dá saol spóirt.

Is beag duine a chuirfeadh in éadan iad a bheith i dteideal turas thar lear ag deireadh séasúr rathúil ach nuair a deir siad go gcaitheann siad a saol spóirt ionann is gur lúthchleasaithe gairmiúla iad nár chóir dóibh caitheamh le lucht a mbainistíochta ar an bhealach chéanna?

Ar dhóigh amháin, tá an t-ádh dearg ar imreoirí CLG.

Ní fhaigheann siad luach saothair as corradh agus 80,000 duine a mhealladh go Páirc an Chrócaigh ach níl laincisí na gairmiúlachta orthu, thig leo éirí agus siúl am ar bith ar mian leo.

Ach nuair a chímid an cineál eachtraí atá ar siúl thiar i gConnachta, an smaoiníonn duine ar bith eile ar an fhrása ‘an craiceann agus a luach’?

Close
Close