An Cosán Glas ag ceiliúradh 20 bliain

An Cosán Glas ag ceiliúradh 20 bliain

Bhunaigh Deirdre Brennan, Annjo Carr agus Stephen Kennedy An Cosán Glas in 1995. Ealaíontóirí a bhí sa triúr acu a raibh fís agus dearcadh nua cruthaitheach acu i dtaobh cúrsaí ealaíne.

Bhí sé mar sprioc acu meas agus tuiscint ar an timpeallacht a spreagadh san aos óg chomh maith lena gcuid samhlaíochta agus cumas sna healaíona a fhorbairt.

Achan bhliain mar pháirt d’Fhéile Ealaíne an Earagail bíonn taispeántas speisialta ag An Cosán Glas ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill a gcuireann siad ‘Loinnir’ air.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le duine de na stiúrthóirí Deirdre Brennan faoin 20 bliain den Cosán Glas agus an méid atá bainte amach acu mar ghrúpa.

An Cosán Glas
Close
Close