An bhfeiceann tú feabhas sa gheilleagar?

D’fhógair Rialtas na Poblachta cáinaisnéis 2015 i dTithe an Rialtais inné. Tugadh le fios nach mbeadh líon na gciorruithe chomh holc leis na blianta atá imithe thart. €10 billiún a gearradh ón bhuiséad ó dheas le trí bliana anuas.

Tá luach na dtóitíní imithe thar €10 don chéad uair riamh. Tháinig méadú beag ar liúntas leanaí agus laghdaíodh cáin ard-ioncaim ó 41% go 40%.

Tugadh le fios fosta nach mbeadh aon dul siar ar tháillí uisce agus tháinig méadú beag ar tháillí ollscoile don cheathrú bliain as a chéile.

Ach cad a shíleann daoine faoi staid na heacnamaíochta ar an taobh ó thuaidh den teorainn? Labhair Meon Eile le mic léinn agus oibrithe óga i mBéal Feirste faoina gcaiteachas féin i láthair na huaire…

Close
Close