An aontaíonn tú leis an G8 bheith in Inis Ceithleann?

An aontaíonn tú leis an G8 bheith in Inis Ceithleann?

An tseachtain seo tá aird an domhain tarraingthe ar Inis Ceithleann, Contae Fhear Manach, áit a bhfuil an t-ochtar ceannairí as na tíortha is saibhre ar domhan ag teacht le chéile do chomhdháil bhliantúil an G8.

Is ag an chruinniú mullaigh seo gach bliain a bhíonn cúrsaí móra an domhain á bplé, ar nos téamh domhanda, sceimhlitheoireacht, ganntanas bia sa tríú domhan agus coimhlintí.

Cibé áit ina mbíonn an G8 ar siúl bíonn daoine i gconaí míshasta faoi.

Ní aontaíonn cuid mhór daoine gur cheart go mbeadh an t-ochtar seo amháin i gceannas ar mhórcheisteanna domhanda. Ní aontaíonn daoine leis na polasaithe atá ag na tíortha éagsúla seo agus go bhfuil achan rud ar mhaithe leofa féin.

Tá sé ar an dóigh chéanna anseo i dTuaisceart na hÉireann le daoine amuigh i mbun agóide Dé Sathairn agus Dé Luain.

An mbeidh an chomhdháil seo maith d’iomhaí an Tuaiscirt? An mbeidh sé maith do cheantar Inis Ceithleann i dtaobh turasóireachta de? Nó an cur amú airgid amach is amach é?

Chuaigh MEON EILE ag caint le muintir Iarthar Bhéal Feirste le fail amach ar aontaigh siad leis an G8 bheith in Inis Ceithleann.

Close
Close