Anúna - Ag spreagadh glúin úr

Sa bhliain 1987 bhunaigh an cumadóir Michael McGlynn an grúpa ceoil Anúna.

Bhain Anúna clú agus cáil amach ar fud na cruinne den chéad uair ariamh mar gheall ar an cheol draíochtúil a chum Michael Riverdance agus bhí siad sna cairteacha i Sasana agus anseo in Éirinn dá bharr.

Ach ní raibh ansin ach an tús don ghrúpa ildánach seo.

Cé go bhfuil Anúna lonnaithe anseo in Éirinn, tá ceoltóirí ó achan chearn den domhan mar pháirt de, agus ceoltóirí den chéad scoth iad uilig. Thosaigh macasamhail Hozier, Eimear Quinn agus mná Celtic women amach le Anúna agus is ann a chuir siad feabhas ar a gceird.

Bíonn Anúna anois ag ceol mar ghrúpa ar fud na cruinne agus clú orthu i dtíortha cosúil leis, an Pholainn, an tSín, an tSeapáin, Meiriceá agus níos faide i gcein arís.

Tá albam uimhir 17 seolta acu le gairid dar teideal ‘Revelation’. Tá go leor fuaimeanna draíochtúla agus stíleanna éagsúla san albam seo mar is gnáth ach tá ceangal ar leith á dhéanamh ag Michael le ceol dúchasach na hÉireann.

Nuair nach mbíonn siad ar camchuairt nó sa stiúideo taifeadta, bíonn Michael McGlynn agus a ghrúpa ag iarraidh an chéad ghlúin eile de cheoltóirí a spreagadh.

Bíonn siad ag déanamh go leor ceardlanna ar fud an domhain agus ráchairt mhór ar an scoil samhraidh a bhíonn acu i mBaile Átha Cliath le trí bliana anuas.

Chuaigh ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le labhairt leo agus iad i mbun na scoile samhraidh i mbliana le fáil amach faoin obair a dhéanann siad ann agus faoina n-albam úr ‘Revelation’.

anúna - ag spreagadh glúin úr
Close
Close