Aire de dhíth agus síocháin faoi ionsaí

Aire de dhíth agus síocháin faoi ionsaí

Ian Malcolm

Chruthaigh imeachtaí ar na mallaibh i dTuaisceart Éireann nach bhfuil píosa mór talún idir todhchaí atá geal is forásach agus drocham ár gcuimhní atá gruama is lán den duairceas.

Ní hamháin atá mé ag caint faoi dhúnmharú Kevin McGuigan in Oirthear Bhéal Feirste i lár na seachtaine seo caite, ach ar an iliomad comharthaí eile a thugann le fios go bhfuil daoine fós ann ar mhaith leo sconna an fhoréigin a chur ar siúl arís.

Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998, ceapadh go raibh muid ag fágáil slán ag na laethanta (agus oícheanta) dorcha a d’fhág smál uafásach ar na Sé Chontae. Bhí muid dóchasach go raibh blianta na láimhe láidre le cur in uaigh na staire.

Bhí cuma mhaith ar rudaí ansin agus san am a bhí le teacht – forógraí sos cogaidh ó na paraimíleataigh; scoir an RUC agus breith an PSNI; díchur na ngunnaí; infheistíocht mhór ó Mheiriceá is ón Eoraip, agus, thar aon ní eile, dóchas.

Tar éis tamaill, thaispeáin an DUP agus SF go raibh siad in ann obair lámh le chéile agus ba mhór an comhartha dearfachta é an cairdeas follasach idir Ian Paisley agus Martin McGuinness. Cé a bhí ag súil leis sin?!

Tá neart ábhar dóchais ann go fóill, ach ba chóir dúinn gan talamh slán a dhéanamh de go bhfuil achan rud ag dul sa treo cheart. Rachainn níos faide ná sin – níos mó na ariamh, caithfidh muid a bheith iontach cúramach agus airdeallach nach múchtar lasair leochaileach na síochána.

Bíonn an fhírinne searbh agus léirigh dúnmharú Kevin McGuigan fíric mhíchompordach dúinn – tá gunnaí fós ar shráideanna Thuaisceart Éireann. Gabhaimis cúpla mí siar agus thaispeáin dúnmharú Jock Davidson an rud céanna.

Is féidir linn a rá, mar sin, go bhfuil ar a laghad dhá ghunna in úsáid. Ní bhacfaidh mé leis na castachtaí sna cásanna seo, ach tá daoine ann a deireann gur cruthúnas é seo go bhfuil an IRA fós i bhfeidhm, toisc go raibh siad beirt ceangailte leis an eagraíocht sin.

Thit siad amach, d’éirigh aighneas eatarthu agus ‘socraíodh’ é tríd bhairille gunna nuair a maraíodh Davidson. Ach faigheann díoltas díoltas agus dar leis an teoiric, is é sin ba chúis le dúnmharú Kevin McGuigan.

Ach an cheist is trioblóidí ar fad – an raibh an IRA taobh thiar de mharú McGuigan? An bhfuil na Sealadaigh fós i mbun gnó? Agus más ea, an bhfuil armlann acu go fóill, in ainneoin go raibh na gunnaí in ainm a bheith curtha as feidhm fadó?

Ní rud beag é seo. Más fíor go bhfuil an IRA fós ann an féidir linn a bheith cinnte de rud ar bith níos mó? I bhfocail eile, an bhfuil seans ann go bpillfidh siad ar an ‘tstreachailt armtha’?

D’fhéadfadh freagra na gceisteanna sin tionchar diúltach a imirt ar phróiseas na síochána, mar atá ráite cheana ag ceannaire an DUP Peter Robinson.

Ach tá gné eile ag déanamh imní dóibh siúd againn nach bhfuil ag iarraidh ach sochaí fhorásach a bheith againn d’achan duine, beag beann ar chreideamh nó polaitíocht. Sin é feachtas na n-easaontóirí poblachtacha.

Beag beann ar cheisteanna faoin IRA agus cé acu tá siad ann nó nach bhfuil, is ó na dreamanna bídeacha seo a thaganns an bhagairt is mó don phróiseas daonlathach. Thig linn gealta, amadáin nó dineasáir a thabhairt orthu ach cúis mhaith le chuile mheafar.

Ach amadáin chontúirteacha iad, agus iad ag éirí níos gníomhaí an t-am ar fad. Doire; an Srath Bán; Tuaisceart Bhéal Feirste; an Lorgain…

Is le cuidiú Dé nár tháinig bláth ar scéimeanna suaracha na slímeadóirí seo ach tá an dánacht s’acusan ag dul i méid, rud atá soiléir ón ionsaí buama ar Bheairic Ard Mhic Nasca, campa míleata agus an áit a bhfuil fórsaí rúnda na Ríocht Aontaithe sa Tuaisceart lonnaithe.

Seo chugainn na ‘saighdiúirí cróga’ a mharaigh an Caitliceach agus imreoir peile Rónán Kerr in 2011. Ná déanaimis dearmad go raibh croí Rónáin istigh sa Ghaeilge. Ó, agus ba bhall den PSNI é, ach an bhfuil sin tábhachtach?

Tá, do dhrong mhaslach nach bhfuil sé de chuspóir acu ach deireadh a chur le próiseas na síochána agus forneart gan deireadh a bhláthú chun an fhís chiotach s’acusan a chothú agus a fhíorú.

Ní éireoidh leo, dar liom, toisc nach bhfuil ach an mionlach is lú ag iarraidh dul siar go dtí an chlochaois s’acusan ach ní foláir dúinn a bheith ar an airdeall nach sleamhnaíonn an dioscúrsa dá gcuid tríd go dtí an príomhshrutha arís.

Cinnte, tá ceist an IRA le freagairt ach sílim go bhfuil an ‘cogadh’ sin thart. Má tá siad ann, is difriúil i bhfad iad na cuspóirí atá acu anois, agus iad ceangailte go dlúth le próiseas na polaitíochta.

Ach bímis airdeallach faoi na heasaontóirí agus iad ag iarraidh glúin nua de dhíograiseoirí dallaithe a thabhairt chun cinn.

Close
Close