Agóid i gcoinne Frankie Boyle ag Féile an Phobail

Agóid i gcoinne Frankie Boyle ag Féile an Phobail

D’eagraigh an grúpa ‘Féile for All’ agóid i gcoinne chinneadh Fhéile an Phobal, an fear grinn Frankie Boyle a chur ar ardán ag féile na bliana seo siocair a mhaslaithe ar dhaoine faoi mhíchumas.

Deir lucht agóide go dtacaíonn siad le cúspóirí na féile ach nach bhfuil greann Frankie Boyle fóirsteanach d’fhéile a bunaíodh chun freastal ar an ghnáthmhuintir.

Rinne beirt ó ‘Féile for All’ iarracht achainí a shínigh 1,300 duine ag cur i gcoinne na gige a bhronnadh ar lucht eagraithe na Féile. Níor tugadh freagra ar dhoras na hoifige le linn na hagóide.

Tuigtear dúinn go bhfuil cruinniú le bheith idir lucht eagraithe na hagóide agus Féile an Phobail ag tús na seachtaine seo. Lorg Meon Eile ráiteas ó Fhéile an Phobail ach níor tháinig siad ar ais chugainn faoi am foilsithe an scéil seo.

Labhair muid le lucht eagraithe na hagóide, clann Uí Ruanaidh ina measc, faoin fheachtas i gcoinne ghig Boyle…

Agóid i gcoinne Frankie Boyle ag Féile an Phobail
Close
Close