Cén ceol is ansa leat?

Tá an t-am sin den bhliain ann arís nuair atá go leor féilte agus coirmeacha ceoil ar shiúl ar fud na tíre.

Cé nach mbeidh Garth Brooks ar cuairt againn, agus go leor daoine faoi bhrón mar gheall air, beidh neart ceoltóirí eile mór le rá ag seinm anseo go luath, Paolo Nutini, Ed Sheeran agus Christy Moore ina measc.

Chuaigh Meon Eile go Coláiste Bhríde Rann na Feirste le fáil amach an t-amhrán nó an cineál ceoil is fearr le daoine ansin. Labhair muid le scoláirí agus le muinteoirí.

Close
Close