300 post le cruthú i nGaoth Dobhair ach an leor seo?

300 post le cruthú i nGaoth Dobhair ach an leor seo?

Dé hAoine seo chuaigh thart d’fhógair Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc ag an eagraíocht tacú le 300 post úr a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar thréimhse trí bliana (2015-2017). Ceadaíodh 80 post nua i dtograí don Pháirc Ghnó le tamall anuas agus beidh siad sin ag teacht chun cinn de réir a chéile.

Tá an tÚdarás le hinfheistíocht €4.7 milliún a dhéanamh ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar thréimhse trí bliana le tuilleadh fiontraíochta a chur chun cinn, le níos mó fostaíochta a chruthú agus le plean athfhorbartha caipitil a chur i bhfeidhm ar líon aitheanta dá bhfoirgneamh.

Tá clár oibre dírithe ar dheiseanna nua fostaíochta a mhealladh go dtí an Pháirc Ghnó. Is é an ‘Fóram Forbartha Fiontraíochta’ a chuir an tuairisc i gceann a chéile.

Is grúpa oibre idirghníomhaireachta é an Fóram a bhunaigh Údarás na Gaeltachta mar thoradh ar chinneadh Largo Foods, i mí Mhárta 2014, deireadh a chur le déantúsaíocht i nGaoth Dobhair agus an táirgeacht ar fad a aistriú chuig a n-ionad déantúsaíochta i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Cailleadh 140 post sa cheantar mar thoradh air seo.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, go dtugann an tuairisc seo chun solais na dúshláin a bhaineann le forbairt fiontar sa cheantar agus go bhfuil an tÚdarás muiníneach go dtiocfaidh méadú ar an leibhéal fostaíochta ar an Pháirc Ghnó sna blianta amach romhainn.

Dúirt Séamus Mac Eochaidh, Cathaoirleach an Fhóraim agus Bainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta in Údarás na Gaeltachta “go bhfuil an earnáil bia ar cheann de na príomhearnálacha a bhfuil Údarás na Gaeltachta ag díriú air faoi láthair, de bharr go bhfuil áis déantúsaíochta bia ar fáil ar an Pháirc Ghnó agus mar gheall ar an méid daoine oilte le taithí san earnáil sin atá ar fáil go háitiúil”.

D’úsáid sé sampla de dhá ghnó nua, Bia Beo Natasha Teo agus Kombucha Éireannach Teo, comhlachtaí atá ag obair san earnáil bia agus atá ag lonnú ar an Pháirc Ghnó. Beidh an dá chomhlacht seo lonnaithe san fhoirgneamh ina raibh Largo Foods agus a bpleananna forbartha á gcur i bhfeidhm.

Chuir sé béim ar an tábhacht atá leis na comhlachtaí reatha atá lonnaithe ar an Pháirc Ghnó, an fhostaíocht a chuireann siad ar fáil agus an tábhacht atá le tacú le haon phleananna forbartha a bheas acu.

Ach cé chomh holc is atá cúrsaí i nGaoth Dobhair? An leor 300 post?

Is as ceantar na Rosann ár bhfísiriseoirí Seán Ó Baoill agus Hannah Ní Dhubhcháin. Dúirt siad féin go bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill thíos leis le roinnt blianta agus gur beag duine ar aois s’acu atá fágtha sa cheantar.

Chuaigh siad ‘na bhaile don deireadh seachtaine chun labhairt le muintir na háite agus le léargas a thabhairt dúinn ar an scéal i gceantar s’acu.

an leor 300 post?
Close
Close